Wednesday, January 14, 2009

Caithfidh an tAE cuidiú le muintir Gaza - de Brún

Published: 14 January, 2009
Ag labhairt léi i bParlaimint na hEorpa inniu cháin Bairbre de Brún FPE ionsaithe Iosrael i nGaza. Dúirt Iníon de Brún gur chóir uasghrádú caidrimh le hIosrael a thréigean agus gur chóir na comhaontaithe atá i bhfeidhm faoi láthair a chur ar ceal go dtí go gcomhlíonann Iosrael a dhualgais faoi dhlí idirnáisiúnta. Dúirt Iníon de Brún: "Is mian liom tacú leo siúd ag cáineadh na n-ionsaithe a bhí déanta ag Iosrael i nGaza ar na mallaibh agus mo dhlúthpháirtíocht a léiriú le muintir Gaza. Fiú sular mhéadaigh foréigean Iosrael, chonaiceamar, le míonna anuas, pionós comhchoiteann ar mhuintir na Palaistíne in Gaza. Is ábhar uafáis ar fad é scála agus cineál an ionsaí ar Gaza déanta ag arm nua-aimseartha in éadan daoine faoi léigear atá lag cheana féin mar gheall ar leithlis agus imshuí. Tá an locht a cuireadh ar na daoine céanna úd contráilte - is gá dúinn bheith soiléir agus sinn á rá gurb iad na híospartaigh is mó muintir neamhchiontacha Gaza. Ní féidir a rá gur freagairt chomhréireach í ar ionsaithe roicéad Hamas ar Iosrael. Is gá don Aontas Eorpach a ghuth a ardú in aghaidh gníomhartha do-ghlactha Iosrael. Tá roinnt uirlisí againn ar féidir linn a úsáid chun ár dteachtaireacht a chur in iúl. Ba chóir uasghrádú caidrimh le hIosrael a thréigean agus ba chóir na comhaontaithe atá i bhfeidhm faoi láthair a chur ar ceal go dtí go gcomhlíonann Iosrael a dhualgais faoi dhlí idirnáisiúnta. Ba chóir dúinn deireadh a chur lenár n-ionramh fabhrach le hIosrael agus ár dtacaíocht a mhéadú ar son gníomhartha daonnúla ar mhaithe le híospartaigh chogadh Iosrael." DEIREADH

No comments: