Monday, January 26, 2009

Preasráiteas, 26 Eanáir 2009

D’iarr an Seanadóir Pearse Doherty ar maidin ar an Aire Oideachais Batt
O’Keeffe chun ciorclán a roinne 0044/2007 a aistarraingt, arb aidhm dó
deireadh a chur le modh teagaisc tumoideachais iomláin i nGaelscoileanna,
le gur féidir an dúshlán costasach dlí a aistarraingt a thabharfar in éadan
na Roinne ag feachtasóirí Gaeilge.


Dúirt Seanadóir Dhún na nGall:


“Sa bhliain 2007 d’eisigh an Roinn Oideachais ciorclán chuig gach Gaelscoil
ag ordú dóibh deireadh a chur le modh teagaisc tumoideachais iomláin a
chleachtann siad. Dhá bhliain anonn agus d’ainneoin an iliomad tuairiscí
agus iarrachtaí leanúnacha ó mhúinteoirí, scoláirí agus ó thuismitheoirí
chun an ciorclán seo a aistarraingt tá Aire Oideachais Batt O’Keeffe go
fóill ag déanamh neamhairde den fhreasúra láidir agus soiléir in aghaidh
bheart a roinne.


“Is é a thugann gach taighde idirnáisiúnta chun solais gan séanadh ná go
bhfuil buntáistí suntasacha le tumoideachas iomlán, ní amháin don teanga
mionlaigh ach d’oideachas iomlánaíoch páistí.


“Rinne Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Inis,
Contae an Chláir, atá ina ionadaí tuismitheoirí ar an chomhlacht
comhairleach Gaeilge COGG, taighde le gairid ina mbreacann sé síos na
sochair seo agus bréagnaíonn sé an tuairim a scaipeann an roinn go minic go
dtéann an tumoideachas salach ar fhoghlaim an Bhéarla. Ní mar sin atá sé.


“Is é a bhí i dtaighde Dhónail Uí Ainiféin ná suirbhé ar theisteanna
gnóthachtála i léitheoireacht an Bhéarla déanta ag 3,298 páiste i
nGaelscoileanna ag deireadh an Dara agus Cúigiú Rang sa bhliain acadúil
anuraidh. Is é a léirigh sé ag deireadh an Dara Rang go raibh an scór
coibhéiseach a bhí bainte amach ag 33% de pháiste ar bhonn náisiúnta bainte
amach ag 43% de pháiste a bhain tairbhe as bliain iomlán amháin
tumoideachais sa Ghaeilge.


“Is cosúil gurb é rún na Roinne Oideachais, faoi ghéarshúil Batt O’Keeffe,
creill an bháis a chur i gcónra an Tumoideachais. Is mór an t-údar bróin é
don teanga agus don tábhacht stairiúil nach bhfuil an dara rogha ag
feachtasóirí ach dúshlán dlí a thabhairt don rialtas mar gheall ar a
chinneadh chun an bonn a bhaint den teanga. Tá a gcás le bheith os comhair
na cúirte sna seachtainí romhainn. Is ábhar bróin é fosta toisc comhthéacs
cheiliúradh 90ú bliain na Chéad Dála. Ba é cur chun cinn agus cosaint na
Gaeilge ceann de na clocha coirnéil polaitiúla a thug le chéile na fir agus
na mná chróga de chuid 1919.


“Is ábhar scannalach é go bhfuil airgead cáiníocóirí le bheith curtha amú
ar chosaint an ionsaí shoiléir seo ar an Ghaeilge ag an Stát féin.
B’fhearr i bhfad dá gcaithfí am an Aire O’Keeffe agus leoga airgead a
roinne ar sheomraí ranga réamhdhéanta atá lofa fud fad ár gcóras oideachais
nó ar chúnamh le páistí le riachtanais speisialta.


“Tá mé ag iarraidh ar an Aire Oideachais an rud ceart a dhéanamh maidir
leis an Ghaeilge agus ciorclán 0044/2007 a aistarraingt le gur féidir an
cás cúirte costasach agus gan chall a sheachaint. Creideann Sinn Féin gur
buncheart é an t-oideachas agus go bhfuil an ceart ag muintir na hÉireann
oideachas a fháil ina dteanga dhúchasach.” CRÍOCH

No comments: